Irish Verses
An Memorare (V910)
Cuimhnigh, a Mhaighdean Mhuire róghrámhar, Nár chualathas trácht ar éinne riamh a chuir é féin faoi do choimirce ná a d’iarr cabhair ort ná a d’impigh d’idirghuí is gur theip tú air.
Lán de mhuinín asat, dá bhrí sin, rithimse chugat, a Mhaighdean na maighdean is a Mháthair.
Is chugatsa a thagaim, is os do chomhair a sheasaim, i mo pheacach bocht atuirseach.
Ó a Mháthair an AonMhic, ná diúltaigh do m’urnaithe ach éist leo go trócaireach agus freagair iad. Áméin.
Ár nAthair (V911)
Ár nAthair atá ar neamh,
go naofar d’ainm.
Go dtaga do ríocht.
Go ndéantar do thoil ar an talamh
mar a dhéantar ar neamh.
Ár n-arán laethúil tabhair dúinn inniu,
agus maith dúinn ár bhfiacha
mar a mhaithimidne
dár bhféichiúnaithe féin.
Agus ná lig sinn i gcathú,
ach saor sinn ó olc. Áméin.
'Sé an Tiarna mAoire (V912)
Sé an Tiarna mAoire: ní bheidh aon ní de dhíth orm. Cuireann Sé féin i mo luí mé i mó inéar féir ghlais. Seolann Sé ar imeall an uisce mé mar a bhfaighim suaimhneas. Seolann Sé ar shlí na fíréantachta mé mar gheall ar A ainm. Fiú dá siúlfainn i ngleann an dorchadais, níor bhaol liom an t-olcagus Tú faram le Do shlat is Do bhachall chun sólás a thabhairt dom.
Lúireach Phádraig (V913)
Críost liom,
Críost romham,
Críost i mo dhiaidh,
Críost istigh ionam,Críost fúm,
Críost os mo chionn,Críost ar mo lámh dheas,
Críost ar mo lámh chlé,
Críost i mo lúi dom,
Críost i mo sheasamh dom,
Críost i gcrói gach duine atá ag cuimhneamh orm,
Críost i mbéal gach duine a labhráionn lom,
Críost i ngach súil a fhéachann orm,
Críost i ngach cluas a éisteann liom.
Ag Críost an Síol (V914)
Ag Críost an síol, ag Críost an fómhar:
In iothlann Dé go dtugtar sinn.
Ag Críost an mhuir, Ag Críost an t-iasc:
I líontaibh Dé Go gcastar sinn.
Ó fhás go haois is ó aois go bás,
Do dhá lámh’, a Chríost, Anall tharainn.
Ó bhás go críoc nach críoc ach athfhás,
I bParthas na ngrás go rabhaimid.